Coinleach Glas An Fhómhair Lyrics
- Genre:Folk
- Year of Release:2022
Lyrics
Ar choinleach ghlas an Fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim
Ba dheas do chas i mbróig 's ba ródheas do leagan súl
Do ghrua ar dhath na rósaí 's do chuirníní bhí fite dlúth
Monuar gan sinn 'ár bpósadh nó ar bord loinge 'triall chun siúil
Tá buachaillí na háite seo ag athrú 'gus ag éirí teann
's lucht na gcocán ard a' déanamh fárais do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne thar sáile 's a shlóite cruinn
Bhrúfainn féar ar is fásach 's bheinn ar láimh le mo chailín donn
Ceannacht buaibh ar aontaí dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéadsearc nó go dté muid thar Ghaoth Bearra 'nonn
Go scartar óna chéile barr na gcraobh 's an eala ón toinn
Ní scarfar sinn ó chéile 's níl baois daoibh a chur in bhur gcionn
Sé chuala mé Dé Domhnaigh mar chomhrá 'gabháil idir mhnáibh
Go raibh sí 'gabháil a phósadh ar ógfhear dá bhfuil san áit
A stóirín, glac mo chomhairle 's a' fómhar seo fan mar atá
'S cha ligim le 'bhfuil beo thú, a stór, nó is tú mo ghrá