Ó Bhean a' Tí Lyrics
- Genre:Folk
- Year of Release:2022
Lyrics
Éirigí suas a thogha na bhfear
's cuirigí píce ar bharr gach cléith
Leagaigí síos iad lucht a' droch-chroí
Agus cuirigí dlí na Fraince ar bun
'S ó bhean a' tí cén bhuairt sin ort?
'S ó bhean a' tí, faoi dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
'S ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht
Tá arm go leor ag an Duke of York
Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá
Agus b'fhearr liom go mór é ná cómhra ban
'S ó bhean a' tí, faoi dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
'S ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais
Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear
'Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín
Gan airgead síos bí gabháil amach
'S ó bhean a' tí, faoi dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
'S ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Ó tharraing mé aníos mo phíosa brac
Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach
Do labhair sí arís go carthannach caoin
Nach súifidh tú síos tá siamsa ar fad ort
'S ó bhean a' tí, faoi dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
'S ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?
Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc
Nach ndeachaigh mé'r bord nó in arm an Rí
Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort
'S ó bhean a' tí, faoi dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
'S ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?